← Duine acu seo a bhí ann, a dúirt sé, a bhí ábalta rud ar bith a chur chun somhaoine dó féin. 🔊✎
← Dá thairbhe sin agus an dóchas dochloíte a bhí ann ó dhúchas rith an saol leis. 🔊✎
← Fear faobhair a bhí ann ina óige, arsa seisean, ag ligean gothaí troda air féin go bródúil. 🔊✎
← Bhí fir phaca aige a théann thart ag díol éadaigh i mbailte scoite an tsléibhe, bhí mná ag cniotáil dó cois teallaigh, bhí dream eile ann a dhéanann páipéar dó. 🔊✎
← Cha raibh an buidéal ina lámh aige i gceart gur ól sé a raibh ann d'aon slog cíocrach amháin D'ofráil mé an dara buidéal dó agus ach oiread leis an chéad cheann char chuir sé suas dó. 🔊✎
← Conradh an chroí a bheadh ann, arsa seisean go dúthrachtach, ag teannadh a ghreama ar mo lámh. 🔊✎
← "Dá gcreidfeá ann," mar a deireadh na seanmhná sa bhaile fadó, "chuirfeadh sé cosa crainn faoi do chuid cearc." 🔊✎